Cad é Sos Lóin?
Is deis iontach é Sos Lóin chun feabhas a chur ar do Ghaeilge, nó do chuid Ghaeilge a úsáid, pé leibhéal atá agat.
Tóg do lón agus bí linn. Tá biaclár beag ar fáil san tigh. Tá neart tae caife ann freisin. Ach táimid brea sásta nuair a thugann daoine a bia féin.
Tá gach sort daoine ann. Tuismitheoirí atá ag foghlaim Gaeilge dá bpáistí go dtí cainteoirí dúchais ag úsáid a gcuid Gaeilge gach lá.
Is imeacht shóisialta é seo atá eagraithe ag daoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a labhairt lena chéile le linn a lóin. Táimid ag tnúth libh a fheiscint!